Bhí mé lá breá samhraidh
I ngleanntáin sléibhe 's mé ag seoladh bó
Tharlaidh domhsa an spéirbhean
'S í go gléasta ins an éideadh cóir
Bhí hata os cionn a clóca uirthi
Agus búclaí ina bróga síos
'S mo chúig céad slán go deo
Leis an óigmhnaoi a bhí i mBaile Uí Bhaoghaill
Thíos i dteach a' tórraimh
'Chuir mé eolas ar mo chailín donn
Ba dheirge a grua ná na rósaí
'S ba mhilse a béilín ná an siúcra donn
Bhí mil ar bharr na gcraobh
Agus céir bheach ag bun na gcrann
Bhí éisc na Finne ag léimní le pléisiúr
Nuair a bhí sí ann
Bhí mé lá go ceolmhar
Ar mo sheol 's mé i gceann a' tí
Bhí méseal ag ghabháil den cheol seo
'S cur na mbréag i ndúil do ghrá mo chroí
Ní thabharann sí aird ar mo ghlórthaí
Ná síleann sí gur 'magadh 'bhím
Tá mé óg go fóill i gcónaí
Is ní phósfaidh mé aon bhean ach í
Nuair a fuair mé eolas
Ar an óigmhnaoi a bhí mBaile Uí Bhaoghaill
Dar liom gurb í an tseoid í
Ná 'n réalt eolais a bhíodh dhul romham sa tslí
Bhréagnaigh sí go mór mé
'S nach bpósfaidh mé aon bhean ach í
'S mo chúig céad slán go deo
Leis an óigmhnaoi a bhí i mBaile Uí Bhaoghaill
1